Tomhaiseanna - UCD Digital Library

Tomhaiseanna

Abstract: Story collected by Nóra Ní Cholla, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Nóra Ní Cholla.

Original reference: 1066/1/34

Loading...School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]

County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools

COLLECTOR
Cholla, Nóra Ní
Gender
female
INFORMANT
Cholla, Nóra Ní
Gender
female

transcribed at

 

Tomhaiseanna [duchas:4402662]

Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach.  (gaoth)
Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche.  (bealach mór)
Gáraidh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc.  (dó chár agus do theangaidh)
Bhí fear ag siubhal an bealach mór lá. Casadh beirt bhan air agus páiste le gach duine aca. Chuir siad ceist air "Ar casadh dhá fhear ar bith dó. Dúirt sé gur casadh."Bhall" ar siad-san, "sin ar gcuid fear inne agus ar naithreachaibh inne agus aithreacha ná bpáistí agus aithreacha móra na bpáistí." Caidé an gaol a bhí aca dó chéile.
Frg:  Dhá fhear dó bhí ionntú agus bhí siad pósta ach fuair a gcuid mná bás. Bhí dhá n-inghean aca, n-inghean ag achan fhear. Phós achan fhear aca n-inghean an fhir eile.
Tá baraille ocht ngallún ag fear agus tá sé lán uisce. Caithfidh tú dhá leath cothrom a dhéanamh dó. Níl miosúr ar bith agat lé na thomhais ach soitheach trí ngallún, agus soitheach chúig ngallún. Caidé mar thig leat dhá leath a dhéanamh dó.
Frg:  líonfaidh tú ná trí ghallún amach as ná h-ocht ngallún, agus doirteochaidh tú isteach é i soitheach ná gcúig ngallún. Líonfaidh tú ná trí ngallún as an bharaille aríst agus líonfaidh tú soitheach na gcúig ngallún, agus béidh ceann amháin fágtha i soitheach na trí ngallún. Annsin d'óirteochaidh tú ná cúig ghallún isteach san bhairille. Cuirfidh tú an gallún atá fágtha isteach an soitheach ná gcúig ngallún. Líonfaidh tú na trí ghallún aríst agus dóirteochaidhe tú isteach i gcuideachta an ghallúin eile iad. Beidh ceathrar ins gach bairille annsin.
Muiltín iarainn agus iarball olainn air.  (snathad mhór agus snáithe olna inntí)

Tomhaiseanna [duchas:4402673]

Dá gcaillfinn-sa leath-choráin, agus mé ghabhail a cuartughadh, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í.   (stadfainn a cuartughadh)
Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín ina diaidh.  (cearc agus na h-éanacha)
Caidé é a bhfuil trí cosa air.  (pota)
Caidé é a bhfuil ceithre cosa air agus é lán cluimhrigh.  (leabaidh chluimhrigh)
Tá madadh rua agus gé agus pionainn chochain ar thaobh de'n loch agus caithidh an fear ceann amháin aca a thabhairt trasna san bhád gach iarraidh. Ní thig leis an ghé a leigint chóir an phionainn, nó an madadh rua a leigint chóir an ghé.  Caidé mar thabharfadh sé trasna sabhailte iad.
Fr:  Bhéarfaidh tú trasna an gé ar dtús, tiocfaidh tú anall aríst agus bhéarfaidh tú trasna an madadh ruadh agus bhéarfaidh tú anall an gé. Beidh pionainn chochain trasna leis agus fágaidh sé thall í. Tiocfaidh tú anall annsin fá choinne an ghé.

Origin information
Tor, Co. Donegal
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 25-26
Volume 1066
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Seán Mac Monagail.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Subject
Riddles   linked data (lcsh)
Riddles--Tomhaiseanna
School location
TorAn TorTorTullaghobeglyKilmacrenanDonegal
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4512615
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 1066/1/34

Suggested credit
"Tomhaiseanna"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4512615>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Seán Mac Monagail.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Tomhaiseanna is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5