Abstract: Story collected by Tadhg Ó Caomháin, a student at Naomh Breandán, Baile na nGall school (Ballynagall or Ballydavid, Co. Kerry) from informant Mícheál Ó Súilleabháin.
Original reference: 0420/2/8
School Naomh Breandán, Baile na nGall [Vol. 0420, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Cruatan [duchas:4675178]
Oidhche amháin bhí na leanbhaí ag béicigh le n-ocras agus gan aon rud le n-ithe acu, ná aon rud aice le tabhairt dóibh. Chuin iad do shásamh do fúair sí corcán agus líon sí do chlocha é agus chuir ar an dteine é. I gcaitheamh na h-oidhche do shín na leanbhaí thall is abhfus ins gach cúinne mar do bhí coladh ortha. Fé cheann tamaill do ghlúais chúiche isteach an doras fear mór breágh. Dfíafruigh sé dhi cad do bhí ar an dteine aici agus dubhairt sí go raibh sí lán do chlocha. Tóg an clúdach do ar seisean. Ní fiú liom é thógaint do ar sise mar níl aon nídh ann ach clocha. Ná bac san ar seisean tóg an clúdach do. Do thóg agus núair d'féach sí isteach ann bhí sé lán d'fheóil. Do dhúisigh
Cruatan [duchas:4675179]
sí na leanbhaí agus d'itheadar a ndóthain. Is é an fear a bhí ann ná Dia na Glóire núair chonnaic sé an fhoidhne bhí ag an mbean bhocht.
Original reference: 0420/2/8
Cruatan
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5