Abstract: Story collected by Máire Ní Éigeartaigh, a student at Eidhneadh, Inis school (Inagh, Co. Clare) from informant Eibhlínn Ní Dubhgháine.
Original reference: 0612/2/33
School Eidhneadh, Inis [Vol. 0612, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Clare Schools
Spealadóir Cáiliúil [duchas:4873553]
'Spealadóir Cáileamhail.' Spealadóir an mhaith dob eadh Domhnall McGuane. Do rugadh e i Sheana-Bhaile ós cionn a h-ochtód bliana ó shoin. Bhí sé pósta ag baintreich darb ainm dí Bean Uí Dixon. Sar a phós sé agus nuair a bhí sé sa mbaile bhí a athair poinnt beag as a mheabhair. Blian amháin nuair a bhí Domhnall ina fhear óg bhí rásanna le bheith i Sráid na Cathrach. Is i mí Lughnasa a bhí na rásanna le bheith, agus bhí air an féar go léir a bheith bainte aige roimh an la san nó ní leigfeadh a athair dó dul ann. Dhá lá roimh na rásanna bhí páirc cúig acra le baint aige agus ní raibh de chead aige cabhair a iarraidh ar éinne. D'éirig sé ar a trí a chlog an da maidin san agus d'obruigh sé go cruaidh go dtí a h-ocht gach oidhche. Bhí an páirc go léir bainte aige an oidhche roimh na rásanna. Thárlaidh go raibh an lá in a dhiaidh sin an-fhluich
Spealadóir Cáiliúil [duchas:4873554]
agus do cuireadh na rásanna as air go dtí mí in a dhiaidh sin. Ní raibh sé raibh sé riamh arís indon thar cúpla arca féir a bhaint sa lá mar do dhein se an iomairce obaire an dá la san. Dó cuireadh e cúpla blian ó shoin.
Original reference: 0612/2/33
Spealadóir Cáiliúil
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5